Turas Stairiúil Rang 6 timpeall Sord

Feb 23, 2024

Bhí lá den chéad scoth ag an dá Rang a 6 inniu ag siúl timpeall ar thuras stairiúil, oideachasúil in Sord. B’é ár Aodán féin a bhí i mbun stairí don lá agus thug Eric a thuilleadh eolais dúinn in séipéal St. Columba’s. In aineoinn aimsir fhuar bhí spórt agus spraoi againn go léir agus gan dabht d’fhoghlaim na gasúir an t-uafás faoin gceantar álainn seo ina bhfuil muid lonnaithe. Táimid fíor bhuíoch as saineolas Aodán agus Eric, chomh maith le múinteoirí Dean agus Cian a d’eagraigh lá iontach do na gasúir. Táimid buíoch freisin as ár n-iardalta Noah a bhí ina chomhluadar iontach ar an turas. Cé gur shiúlamar na gcosa do na gasúir ní raibh oiread is gearán amháin agus bhí a n-iompair thar barr mar is gnách. Codlóidh sibh anocht a pháistí!