Turas R6 ag an nGaeltacht

May 17, 2024

Bhí dhá lá den chéad scoth ag gasúir ón dá Rang a 6 agus iad ar thuras siar Conamara. Thosaigh na gníomhaíochtaí inné le spórt is spraoi in Áth Luain, ansin tréimhse ama ar na ziplines agus eachtraíochtaí eile in Wildlands https://www.wildlands.ie/ .

Níos deireannaí a thuilleadh cluichí i gColáiste Lurgan, céilí, spórt agus spraoi ar an trá (agus nach orainn a bhí an t-ádh le dul faoi na gréine álainn) agus comórtaisí / cluichí beaga eile. Inniu bhíomar i mbun spórt agus cluichí ar an bpáirc áitiúil agus ansin ar an uisce in Baysports in Áth Luain. https://www.baysports.ie/

Rinneamar an oiread gáire, bhí craic den chéad scoth againn agus ní fhéadfaidh muid bheith níos bródúil as ár ngasúir óga seo a bhí chomh béasach, a labhair Gaeilge den chéad scoth agus a bhí cineálta lena chéile, le muintir na háite, leis na mná tí agus leis na múinteoirí. Is gasúir den chéad scoth iad gasúir GBB. Ar aghaidh linn le chéile.

Agus táimid fíor bhuíoch dár ndóigh as a gcuid múinteoirí ranga Cian agus Dean a d’eagraigh chuile shórt dóibh. Míle buíochas. Gan dabht codlóidh gach duine go sámh anocht.

Níl anseo ach blaiseadh de na griangraif, is féidir iad uilig (226 acu) a fheiceáil ag https://www.gsbb.ie/project/r6-sa-ngaeltacht/

Only a few shots from an amazing two days here, all 226 pictures can be accessed on above link or viewed in gallery https://www.gsbb.ie/project/r6-sa-ngaeltacht/