Turas R6 ag an nGaeltacht

May 22, 2026

Bhí dá lá den chéad scoth againn agus muid ar thuras Rang a 6 chuig an Ghaeltacht in Indreabhán, Conamara. Bhí spórt, spraoi, craic is ceoil againn in Áth Luain, in Wildlands, i gColáiste Lurgan, ar an Trá Mhór, ar pháirc na mBreathnaigh agus in Baysports ar an mbealach abhaile. In aineoinn aimsir fhliuch ar na zipline, bhain na gasúir fíor sult as agus bhí atmasféar álainn le brath i rith an ama go léir. Mar is iondúil, bhí na gasúir uilig béasach, cineálta agus cairdiúil le chuile dhuine gur chas muid oraibh. Moladh iad go hard as caighdeán ard a gcuid Gaeilge labhartha. Dia go deo libh! Táimid fíor bhródúil asaibh a ghasúir agus nach iontach na cuimhní geala atá sibh ag tabhairt ar aghaidh libh óna laethanta speisialta seo in Rang a 6.