Turas Scoile R5

Jun 6, 2024

Bhí lá den chéad scoth ag an dá Rang a 5 ar a dturas scoile chuig Flynn Park inniu. https://flynnpark.ie/

Bhain siad sult as gníomhaíochtaí foirne agus ansin seisiún ar an uisce. Bhí spórt is spraoi iontach againn ar fad agus bhí an t-ádh linn le aimsir dheas grianmhar. Codlóidh gach duine go sámh anocht.