D’imigh coiste ghlas GSBB ar thuras le Múinteoirí Niamh agus Máire i rith na seachtaine.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Sinéad a thaispeáin Ionad Athchúrsála Sord dúinn an tseachtain seo. Labhair sí linn faoi athchúrsáil, bithéagsúlacht agus na spriocanna Domhanda.
Thug ár cuairt muid timpeall an ionad athchúrsála. D’fhoghlaim muid gur féidir gloine, éadaí, cannaí, páipéar a athchúrsáil ach go bhfuil sé níos fearr athúsáid a dhéanamh ar earraí roimh athchúrsáil a dhéanamh. Cabhróidh sé go mór laghdú a dhéanamh ar an méid phlaisteach a úsáideann muid freisin.
Bhain muid an-taitneamh as agus tá muid ag súil go mór le bheith ag obair le Sinéad agus Comhairle Contae Fhine Ghall amach anseo.
Tá sé mar phlean againn obair sa ghairdín, múirín a dhéanamh tríd duilleoga a bhailiú, Malartú Feisteas Oíche Shamhna, malartú geansaithe Nollaig and níos mó fós! Is féidir linn difríocht dearfach a dhéanamh.