Tráth na gCeist Áth Cliath

Nov 20, 2025

Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh seacht scoil déag do Thráth na gCeist Spóirt Áth Cliath in GBB inniu. Ba iontach an ócáid í leis an Laoch Mór Cáiliúil Gaelach Jerry Grogan (Glór Pháirc an Chrócaigh) i ról an láithreora don ócáid stairiúil seo. Táimid thar a bheith buíoch as na múinteoirí agus páistí go léir a thaisteal chuig ár scoil agus as Cumann na mBunscol a thug an deis dúinn bheith mar óstaigh ar an ócáid. Táimid thar a bheith bródúil as ár bhfoireann féin a thaispeáin dúinn go bhfuil saineolas acu ar réimse leathan spóirt. Dia go deo libh a ghasúir.