Toraíocht Taisce Seachtain na Gaeilge

Mar 6, 2024

Bhain gasúir ó na ranganna naíonáin in GSBB agus SETNS sult as Toraíocht Taisce inniu agus muid ag ceiliúradh imeachtaí Seachtain na Gaeilge le chéile. Bhí comhráití deasa ar siúl agus comhoibriú den scoth le feiceáil idir na gasúir go léir. Féach ar an spéir álainn gorm freisin. Tá an t-ádh linn leis an aimsir dheas inniu dár gníomhaíochtaí lasmuigh.

Ní neart go cur le chéile! (seanfhocal an lae)