Bhailigh gasúir agus pobal na scoile sa halla do thionól deireadh na bliana. Déanadh ceiliúradh ar bhreithlaethanta, iad siúd a ghrú bonn, trófaithe, coirn srl. Bhí slán ráite le páiste atá ag imeacht ón scoil agus táimid ag súil go mbeadh gach rud iontach ina scoil nua. Rinne Pádraig a bhuíochas a chur in iúl do Sandra, Deirdre, Miriam, Anna agus baill uilig Chairde na Scoile as an éacht a rinneadar ag eagrú na ceiliúradh don dá chóisir 25 bliana an tseachtain seo caite. Ghuigh sé chuile rath ar Ailín agus Oonagh atá ag imeacht ón scoil agus bhronn gasúir bláthanna orthu beirt. Labhair siad beirt go stuama faoina gcuid ama in GBB! Ghuigh Pádraig gach dea-ghuí ar Cháit agus í ag imeacht ón scoil ar feadh bliana. Déanadh duais a bhronnadh ar pháiste in Rang a 6 as an iarracht iontach a baineadh amach ag sábháil airgid leis an gComhar Creidmheasa i mbliana. Chan gasúir ón dá R6 a n-amhráin slán sula raibh taispeántaisí iontacha damhsa againn ó ghasúir sna Naíonáin Shinsearacha. Lean an damhsa le hip hop agus rinne na páistí Ailín a cheiliúradh. Tháinig cúpla páiste ón dá R6 ar ais ar cuairt sular chroch na gasúir ón dá rang leo a gcuid seolta agus ag iad ag siúl amach as GBB don uair dheireadh. Lá stairiúil dóibh. Guímid chuile rath orthu sa meánscoil agus sa todhchaí. Bíodh samhradh sona, sábháilte, séimh agaibh go léir agus beimid súil sibh fheiceáil ar ais do scoilbhlian iontach eile ag deireadh mí Lúnasa. Dia go deo libh!
Tionól & Slán le Rang a 6
Jun 27, 2025

Nuacht
Táimid ag ceiliúradh spiorad na scoile! 🎉 Ióga, beebots, lego, léitheoireacht, ealaín, ceol, drámaíocht, eolaíocht, códú, Izak 9s, Chrome Music Lab, filíocht… agus neart eile!
4Bhain na gasúir an‑sult as gníomhaíochtaí spóirt sa halla nuair a tháinig Triathlon Ireland ar cuairt. Ní raibh an aimsir linn — ní hé lá na báistí lá na bpáistí! 🌧️😄 Ach bhí spórt is spraoi go leor acu sa halla. 💚🤍 @tri_ireland
2Bhain na hardranganna an‑taitneamh as Ceardlann Galf le déanaí! ⛳️😄 Buíochas ó chroí le Galf Éireann as an deis iontach. Tá an t‑ádh ar ár ngasúir leis na taithí seo! 💚🤍 @GolfIreland_
2🎨 🖌 Tá ár gclós ag fáil sciúirse úr geal inniu – dathanna nua, fuinneamh nua, agus tá sé go hálainn ar fad! 🎨✨ Bród ar ár bpobal scoile cruthaitheach. 💚🤍
2Lá iontach i GSBB inniu! 🌟 Spraoi, foghlaim agus fuinneamh dearfach ó gach duine. Bródúil as ár bpobal scoile álainn! 💚📚 @ActiveFlag
2Bród an domhain orainn as ár bhfoireann camógaíochta a bhuaigh i bPáirc an Chrócaigh inniu! 🏆 Scór 3:2 go 1:3. Sár captaen, lucht tacaíochta dochreidte, agus an corn ar ais sa scoil. Seaimpíní sibh! 💚🤍 GBB go deo! @ActiveFlag @fingalsp
2
Dot‑cakes againn inniu — spréacha ar fud na háite
An‑chraic agus an‑bhlas
Buíochas ó chroí le Florence
Bhíomar ar bís inniu nuair a fuaireamar bóín Dé dhubh i ngairdín na scoile& d’aithníomar neart feithidí&bláthanna fiáine freisin. @BioInSchools @GreenSchoolsIre #BioBealtaine @AnTaisce @FingalBiodiv @BioDataCentre
4
🌍💚 Brat Glas Uimh.10 bainte amach! Bronnadh ár mbratach nua ar théama Saoránacht Dhomhanda – Bia & Bithéagsúlacht inniu.Rinne beirt ó Rang 6 ionadaíocht den scoth!Smaointe nua bailithe don todhchaí 🌱💚
@FingalBiodiv
@BioInSchools
@GreenSchoolsIre
@AnTaisce
@Fingalcoco
Bhí obair mhór déanta ar ár nglasraí inniu — fiailí bainte, ithir scaoilte agus na prátaí ag breathnú thar barr!
Maith sibh, a ghairdíníní óga 🌱💪 @GreenSchoolsIre @FingalBiodiv @BioInSchools
#GairdínNaScoile @GIYOnline