Tionól slán 30-06-22

Jun 30, 2022

Bhí tionól deireadh na bliana againn sa halla ar maidin, áit ar ghabh Séamus buíochas le chuile dhuine idir ghasúir is foireann na scoile as scoilbhlian eile den scoth. D’fhágamar slán le Rang 6. Chan siad amhrán álainn dúinn. Chan pobal na scoile Tá an Obair déanta (amhrán nuachumtha ag rá slán le Séamus). Bhronn Séamus Corn Cuimhneacháin Darragh Laighléis don scríbhneoireacht ar Hilary Levins. Maidin álainn eile ceiliúradh in GSBB. A thuilleadh pictiúr sa Ghailearaí nó anseo.