Tionól lasmuigh

May 31, 2024

Bhí tionól amuigh faoin aer againn inniu agus bhí an aimsir go hálainn. Rinne Pádraig Comhghairdeachas a rá leis na gasúir go léir as ucht an talann dochreidte a taispeánadh ar stáitse ag na ceolchoirmeacha. Rinneamar comhghairdeachas a rá leis an dream a bhí ag rith in Seantrabh an tseachtain seo caite, bronnadh boinn ar an bhfoireann buacach peile agus labhair captaen na foirne go stuama ag glacadh buíochas as an tacaíocht go léir. Rinneamar ádh mór a ghuí ar na foirne (foireann sóisear na gcailíní agus foireann sóisear na mbuachaillí) a bhéas ag imirt an tseachtain seo chugainn i gcluichí ceannais.

Bhí na gnáth rudaí á cheiliúradh againn – breithlaethanta, boinn, trófaithe is teastas, bronnadh duaiseanna Gaeilgeoirí na Seachtaine chomh maith le duaiseanna na míosa do Ghaisce na Gaeilge. Táimid an-ghníomhach anseo sa scoil agus tá na gasúir agus pobal na scoile sona sásta. Bíodh deireadh seachtaine fada álainn agaibh go léir.