Tionól agus Slán le R6

Jun 26, 2026

Agus leis sin tá laethanta saoire an tSamhraidh buailte linn. Bhí tionól mór againn, áit ar déanadh ceiliúradh ar bhreithlaethanta an tsamhraidh chomh maith leo siúd a ghrú trófaithe, teastais nó corn an tseachtain seo. Bhí taispeántas damhsa Gaelach againn ó ranganna rince Niamh Ní Uaithne chomh maith le steipeanna ó chailíní Rang a 6. Chuir rang hip hop Ana damhsaí fuinneamhúla i láthair. Bronnadh plaic ar ghasúir faoi leith a d’imir sa sraith sacar le déanaí, labhair Pádraig go stuama agus ghlac sé buíochas le Cathal atá ag crochadh seolta leis as GSBB théis 5 bhliana iontacha inár measc. Bronnadh corn Darragh Laighléis don scríbhneoireacht cruthaíoch ar pháiste in R6 agus ar deireadh chan gasúir an dá R6 a n-amhrán slán. Bhí ceiliúradh iontach againn don scoilbhlian agus bhailigh gach duine ar chlós na scoile chun slán a rá le gasúir R6. Guímid samhradh sona, sábháilte agus spraíúil oraibh ar fad agus chuile rath is deá ghuí ar ghasúir R6 a bheadh ag cur tús lena n-aistear sa meánscoil ag deireadh mí Lúnasa.