Bhí tionól deireadh na bliana sa halla inniu áit ar bronnadh gaeilgeoirí na seachtaine, déanadh ceiliúradh ar na breithlaethanta agus orthu siúd a ghrú corn, trofaí, bonn nó teastas. Bhronn Pádraig Corn Cuimhneacháin Darragh Laighléis don scríbhneoireacht ar Chora Buíteach. Ansin bhí sé in am slán a rá le múinteoir óg Maigh Eo. Ghabh Pádraig buíochas le Róisín atá ag imeacht ón scoil agus ag bogadh go Loch Garman. Bhronn gasúir ón rang bronntanais dheasa uirthi. Aireoidh muid uainn go mór thú a Róisín ach guímid chuile rath is deá ghuí ort ag bogadh ar aghaidh leis an gcaibidil nua seo i do shaol.
Chan amhrán Rang a 6 a n-amhrán slán agus chroch siad seolta leo amach as geataí na scoile ag deireadh an lá scoile. Guímid chuile rath orthu agus iad ag bogadh ar aghaidh chuig an mheánscoil.
Ba mhaith linn samhradh sona, sláintiúil, spraíúil a ghuigh oraibh ar fad. Go raibh míle maith agaibh as chuile tacaíochta i mbliana. Beimid ag súil sibh a fheiceáil ar ais ag deireadh mí Lúnasa.
Griangraif thíos agus sa nGailearaí freisin.