Bhí alán ag tarlú ag tionól na seachtaine ar maidin. Chan an dá Rang a 3 amhrán álainn dúinn atá mar chuid den dráma atá siad ag cleachtadh faoi láthair. Táimid ag súil go mór an dráma a fheiceáil anois!
Bronnadh Gaeilgeoirí na Seachtaine agus déanadh ceiliúradh ar chorn, trófaithe, boinn agus teastais a thóg gasúir isteach agus rinneamar ceiliúradh freisin ar na breithlaethanta dár ndóigh.
Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn agus rinneamar cleachtadh ar an damhsa Sleamhnán Cha Cha. Bhí spórt, spraoi agus fuinneamh le feiceáil. Maith sibh chuile dhuine.