Bhí tionól deas againn inniu ar scoil. Bhí nóiméad ciúnas againn agus muid ag smaoineamh ar mhuintir an Chraoslaigh. Chanamar ár n-amhrán nuachumtha don Seachtain Bhuíochais. Chuir Rang a 5 geaitsí leis agus thaispeáin siad póstaer álainn dúinn a dhearadh siad ag taispeáint rialacha órga na scoile. Tháinig beirt ó chuile rang amach ag insint dúinn a bhfuil a rang féin buíoch as. Rinneamar ceiliúradh ar na breithlaethanta, na corn, boinn, teastais srl. Bronnadh teastais Gaeilgeoirí na Seachtaine chomh maith.