Tionól 08-05-23

May 8, 2023 | Nuacht Ginearálta

Bhí tionól spraiúil againn inniu le gasúir ón dá Rang a 6 ag taispeáint cé chaoi roinnt de na cluichí nua clóis a imirt. Bhí neart torann is gleo agus na gasúir faoi gheasa ag an spraoi. Rinne Pádraig comhghairdeachas le Rang a 4 a tháinig sa gcéad áit ag Comórtas Cór na mBunscoileanna https://www.gsbb.ie/comortas-cor-na-mbunscoileanna-03-05-23/ an tseachtain seo caite. Bronnadh Gaeilgeoirí na Seachtaine, rinneamar ceiliúradh ar na breithlaethanta agus ar na boinn, trófaithe is teastais a bhí grúite i rith na seachtaine. Déanadh comhghairdeachas freisin le gasúir ón dá Rang a 6 a rinne an Cóineartú an Aoine seo caite. Lá deas eile dearfach in GSBB.

Griangraif thíos agus sa nGailearaí freisin.