Bhí tionól gnóthach againn arís ar maidin agus alán ar siúl sa scoil. Cuireadh dráma an dá R3 ar siúl do phobail na scoile. Neart griangraif le feiceáil sa Ghailearaí nó anseo. Guíonn muid chuile rath orthu agus iad ar stáitse in Clasach ag an bhféile Choirm amárach.
Rinne Comhairle na nDaltaí agus an Choiste Ghníomhach taispeántais agus nathanna a mhúineadh a bhaineann le cluichí clóis.
Rinne Clodagh agus an Cumann Gaelach nathanna nua spórt a mhúineadh ag baint úsáide as físeán is drámaíocht “A réiteoir”, “Láimhseáil sé an liathróid”, “Thug an réiteoir cic saor dó”, “Chuaigh sé ar fóraoil!” “Ní dheachaigh sé isteach sa chúl!” Beidh na nathanna seo á chleachtadh againn ar chlós na scoile agus ag cluichí peile. Bainigí trial astu sibh féin!
Tapaigí féin an deis agus roinnt nathanna nua a chleachtadh mar chuid de cheiliúradh Seachtain na Gaeilge. A lán le feiceáil ar shuíomh na scoile anseo agus faoin tab eolas/an ghaeilge ar gsbb.ie anseo.
Rinne Pádraig comhghairdeachas leis an dá R2 a ghlac páirt in Sacraimint an Chéad Aithrí aréir. Rinneamar ceiliúradh ar na breithlaethanta agus na coirn, trófaithe, boinn is teastais. Bronnadh teastais ar Ghaeilgeoirí na Seachtaine. Lá iontach eile in GSBB. Ar aghaidh linn le chéile.