Tá’n Nollaig buailte linn in GSBB

Dec 7, 2023

Tá’n Nollaig buailte linn in GSBB agus tá sceitimíní le brath ar fud na scoile. Tá obair ealaíne den scoth ar siúl ag na gasúir agus ceol binn le cloisteáil agus muid ag ullmhú don Cheolchoirm scoile. Tá na gasúir ag maisiú fuinneoga agus timpeallacht na scoile. Tá cuma álainn ar an scoil. Tháinig na síofraí ar ais agus iad ag coinneáil súil ghéar ar imeachtaí sna ranganna agus thart timpeall na scoile. Seo blaiseadh d’obair álainn na gasúir.