Bhailigh gasúir, pobal na scoile agus ár nIarphríomhoide Séamus in halla na scoile inniu chun slán a rá le hOlibhe agus Seosaimhín atá ag dul ar scor ón obair.
Bhí focail áille le cloisteáil futhú beirt, bhronn gasúir na scoile bláthanna agus bronntanais áille orthu, bhí sleamhnán deas griangraif ar taispeántais agus muid ar bhóithre na smaointe leo. Ar deireadh chan chuile dhuine amhrán slán nuachumtha dóibh beirt.
Táimid chomh buíoch as chuile shórt atá déanta ag an mbeirt seo do ghasúir agus pobal na scoile. Tá siad beirt cineálta, grámhar agus fial lena gcuid ama. Roinn siad a gcuid buanna go fonnmhar thar na blianta. Ach tá sé in am sos a ghlacadh anois agus guímid saol fada, sona, sláintiúil ar Olibhe agus ar Sheosaimhín. Beidh muid ag súil go mór leo theacht ar ais ar cuairt amach anseo.
Griangraif ón lá anseo agus sa nGailearaí.