Seó Faisean, Seamróga & Coirm

Mar 14, 2025

Lean ceiliúradh Seachtain na Gaeilge go dtí am baile inniu. Bhí na gasúir gléasta in glas don lá speisialta, bhi seóanna is paráid faisean sna ranganna, chomh maith lena lán cluichí agus imeachtaí spraíúla eile. D’imigh na gasúir abhaile le pota beag seamróg an duine, a bhuíochas do thuismitheoir scoile a d’eagraigh an rud flaithiúil seo dúinn.

Bhí Rang a 3 ar an stáitse san Amharclann Civic i dTamhlacht inniu agus bhain siad gaisce amach lena léiriú den dráma An Fear Feasa mar chuid den fhéile Coirm.

Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí comórtas ealaíne Seachtain na Gaeilge agus leis sin d’fhág gach duine láithreán na scoile chun tosú ar cheiliúradh an deireadh seachtaine fada seo. Beannachtaí na Féíle Phádraig oraibh go léir agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.