Bhailigh gasúir agus pobal na scoile sa halla inniu chun slán a rá le Séamus. Ní amháin chun slán a rá ach chun Príomhoide agus Bunaitheoir na Scoile a cheiliúradh. Bhí óráidí, bronnadh, físeáin, amhráin, griangraif agus ealaín na bpáistí crochta ar na ballaí. Bhí alán mothúcháin le brath agus muid ag fágáil slán lenár gceannaire, ár dtreoraí, ár gcara, ár gcrann taca. Mar a deirtear go minic ní bheidh a léithid arís ann, ach ní deireadh ré atá anseo ach tús ré. Táimid uilig chomh buíoch as an obair den chéad scoth atá déanta ag Séamus dúinn go léir le trí bliana is fiche anuas. Aireoidh muid uainn é gan dabht ach anois tá sé in am againn bogadh Ar Aghaidh le Chéile. Go raibh maith agat a Shéamuis.
A thuilleadh griangraif le feiceáil sa Ghailearaí nó anseo.