Searmanas Fágála R6

Jun 27, 2024

Bhí tráthnóna álainn againn in halla na scoile inniu agus muid ag ceiliúradh searmanas fágála R6. Bronnadh leabhrán bliana, fáinne airgead agus bonn scoile ar na gasúir ón dá rang. Labhair a gcuid múinteoirí go stuama, ag déanamh cur síos ar an spioraid iontach atá sna gasúir agus as a gcuid buanna agus talann. Ghlac Pádraig buíochas leis na gasúir agus leis na tuismitheoirí as ucht chuile gaisce a bhain siad amach le 8 mbliana anuas. Chan siad amhrán álainn ag deireadh an searmanas. Táimid chomh bródúil astu go léir. Guíonn chuile dhuine gach rath orthu agus iad ag tosú amach ar chaibidil nua ina gcuid saoil. Táimid buíoch do Chairde na Scoile as soláistí a chur ar fáil do na gasúir agus do phobal na scoile tar éis an Searmanas. Ádh mór a pháistí agus beimid ag súil sibh a fheiceáil ar ais ar cuairt go luath.