Searmanas Fágála R6 29-06-23

Jun 29, 2023

Bhí searmanas fágála Rang a 6 ar siúl in halla na scoile níos luaithe inniu. Ghabh Pádraig buíochas leis an dá rang as gach éacht atá bainte amach acu in GSBB agus ghuigh sé chuile bheannacht is deá ghuí orthu ag bogadh ar ais ón mbunscoil. Labhair Dean agus Clodagh go stuama agus roinn siad a gcuid buaicphointí ón mblian a chaith siad leis na gasúir iontacha seo, chomh maith le focail chomhairle a chur orthu agus iad ag imeacht chuig an mheánscoil. Ghabh Rosemary, tuismitheoir; buíochas le pobal na scoile as ucht chuile deis a tugadh do na gasúir le 8 mbliana anuas. Labhair gasúir ón dá rang go hiontach agus roinn siad a gcuid buaicphointí féin. Tar éis roinnt bronnadh, chan na gasúir a n-amhrán slán agus bhain gach duine sult as soláistí a chur Cairde na Scoile ar fáil do chách. Táimid chomh buíoch as chuile rud a dhéanann Cairde don scoil. Bhí ealaín slán déanta ag na ranganna agus an halla maisithe go hálainn don ócáid speisialta seo. Ar aghaidh linn le chéile agus go n-éirí go geal le gasúir Rang a 6 agus iad ag crochadh a gcuid seolta as GSBB.

Griangraif thíos agus níos mó sa nGailearaí nó anseo.