Searmanas Fágála R6

Jun 26, 2025

Bhailigh tuismitheoirí agus caomhnóirí Rang a 6 in halla na scoile inniu (a bhí maisithe go hálainn ag ranganna eile sa scoil) agus muid ag fágáil slán leo agus iad ag crochadh a seolta leo as a n-aistear bunscoile. Bhí focail dheasa le rá ag gach duine, rinne na gasúir sár jhab lena gcuid óráidí agus lena n-amhrán slán ag deireadh. Bronnadh suaitheantas na scoile, fáinní airgid agus leabhráin bhliana de chuid na gasúir orthu. Bhí cupán tae na diaidh agus cóisír píotsa ag na gasúir. Comhghairdeachas ollmhór libh agus guíonn muid ar fad chuile rath oraibh agus sibh ag bogadh ar aghaidh ag an meánscoil agus caibidil nua in bhur saoil.