Seantrabh 21-05-25

May 21, 2025

Comhghairdeachas lenár lúthchleasaithe óga a bhí i mbun gníomhaíochtaí in Seantrabh inniu. Rinneadar go hiontach ar fad agus tá roinnt boinn nua tugtha abhaile ag gasúir na scoile inniu. Táimid thar a bheith bródúil astu agus buíoch do Niamh Ní Mhurchú agus Muirne a bhíonn i mbun traenála leo i rith na bliana go léir. Dia go deo libh.