Bhí sceitimíní agus ríméad ar ghasúir agus pobail na scoile ar an lá grianmhar seo nuair a tháinig Séamus ar ais chun na scoile chun crann coill a chur. Bhailíomar chun tosaigh ar an scoil chun an crann a chur, crann atá mar shiombal eolais agus gaois. Chuir Pádraig fáilte ollmhór roimh ár n-iarphríomhoide, chabhraigh gasúir as Rang 6 agus as na Ranganna Naíonáin le Séamus an chrann a chur. Bhí tuismitheoirí ón gcoiste garraíodóireachta i láthair chomh maith agus táimid buíoch as a gcabhair ar fad chun an ócáid álainn seo a cheiliúradh. Thug Éilish Uí Ghréacháin ón mBord Bainistíochta a cuid ama go fial flaithiúil le bheith i láthair. Tar éis an chrann a chur chan gasúir agus pobal na scoile ár n-amhrán buíochas Tá mo chairde liom, chomh maith leis an amhrán a bhí againn do Shéamus agus é ag dul ar scor Tá an obair déanta. Labhair Séamus é féin agus ghabh sé buíochas le chuile dhuine.
Bhí sonas agus spioraid iontach le brath agus bhí na gasúir chomh sásta fáilte a chur roimh Séamus. Dár ndóigh tháinig sé le sóláistí deasa do na gasúir agus don fhoireann. Go raibh maith agat a Shéamuis.
A thuilleadh pictiúir le feiceáil sa Ghailearaí nó anseo.