Seamróga ar scoil

Mar 14, 2024

Tháinig duine do na gardaí as príosún Mountjoy chugainn inniu le pota beag seamróga do chuile páiste sa scoil. Is togra é seo a bhíonn ar siúl sa bpríosún agus táimid buíoch as an mbronntanas álainn seo, rud a d’eagraigh duine dár dtuismitheoirí Aisling. Bhí ríméad ar ghasúir na scoile ag tabhairt abhaile pota beag an duine, díreach in am do Lá le Pádraig. Beannachtaí na Féile oraibh go léir.