Seachtain na Matamaitice

Oct 17, 2025

Bhí alán gníomhaíochtaí Mata ar siúl sa scoil an tseachtain seo agus muid ag ceiliúradh Seachtain na Matamaitice. Bhí na gasúir gníomhach le tráth na gceist, zoom, puzail, tóraíochtaí agus rianta Mata chomh maith lena lán rudaí eile. Táimid buíoch as na múinteoirí go léir a chabhraigh agus a d’eagraigh na gníomhaíochtaí spraíúla seo. Is breá linn a bheith ag foghlaim faoin Mata sa timpeallacht.

https://www.mathsweek.ie/2025