Seachtain na nInnealtóirí i nGSBB – Transform Your Future / Athraigh do Thodhchaí
Bhí Seachtain na nInnealtóirí 2026 ar siúl i nGaelscoil Bhrian Bóroimhe an tseachtain seo caite agus an tseachtain seo. Is é an téama Transform Your Future / Athraigh do Thodhchaí atá mar threoir againn. D’oibrigh na páistí ar ghníomhaíochtaí praiticiúla a léirigh conas a athraíonn innealtóirí an domhan agus conas is féidir le smaointe beaga todhchaí níos fearr a chruthú.
Dhear Naíonáin Bheaga go Rang 2 cathaoireacha agus droichid, ag leanúint céimeanna an phróisis innealtóireachta.
Rinne Rang 5 Niamh Dúshlán na Sciálaithe Stáin, ag tástáil luas, cothromaíocht agus frithchuimilt ar shléibhte beaga éagsúla.
Dhearaigh Naíonáin Shinsearacha agus Rang 6 cathracha glasa agus clóis súgartha an todhchaí, atá ar taispeáint sa scoil.
Ghlac Rang 5 Caoimhe páirt i gCeardlann Láimhe Meicnící, ag foghlaim faoi theannáin, matáin agus dearadh lámha meicniúla.
Tá GSBB lán le hinnealtóirí óga cumasacha — páistí atá réidh le Transform Your Future / Athraigh do Thodhchaí.
Tá Seachtain na nInnealtóirí ar siúl ar fud na tíre. Tá tuilleadh acmhainní ar fáil i do leabharlann áitiúil agus ar shuíomh Engineers Ireland: https://www.engineersireland.ie/Schools/Engineers-Week
