Seachtain Innealtóireachta

Feb 27, 2025

Táimid ag ceiliúradh Seachtain na nInnealtóirí ar scoil an tseachtain seo. Táimid thar a bheith buíoch as Comdt Damien Puceall a tháinig ar cuairt chun na scoile inniu agus a thug a chuid ama go fial flaithiúil ag roinnt saineolas agus ag freagairt ceisteanna. Bhain na gasúir agus an fhoireann go léir fíor thaitneamh as. Beidh na gasúir gnótach sa mbaile ag cruthú a gcuid roicéid agus eitleáin bheaga féin. Nod beag, ná déanaigí dearmad roth stiúrtha a chur isteach!

Ar an Aoine thainig Innealtóir eile Colm Cooper ar cuairt againn agus bhain chuile dhuine fíor sult as an saineolas a roinn seisean go flaitiúil freisin. Táímid fíor bhuíoch as na tuismitheoirí a thugann an oiread tacaíochta dúinn ar scoil. Dia go deo libh.