Seachtain Eolaíochta

Nov 12, 2025

Táimid ag ceiliúradh seachtain eolaíochta an tseachtain seo ar fad ar scoil https://www.scienceweek.ie/

Is breá linn a bheith ag obair go heolaíoch sa rang. Bhí taispeántais mhór ó chuile rang in halla na scoile inniu. Bhain gach duine fíor sult as. Griangraif anseo.

Ach ní hamháin an lá mór eolaíochta inniu ar scoil, tá gasúir na scoile ag obair go heolaíoch an tseachtain ar fad. Thug gasúir R6 Dean cuairt ar shaotharlann eolaíochta i meánscoil sa gceantar inné agus bhí an-time go deo acu. Bhí cuairteoir nó dhó sa scoil an tseachtain seo freisin agus bhí deis ag gasúir páirt a ghlacadh in roinnt zoom freisin.

Sna griangraif seo feicfidh sibh blaiseadh den obair iontach eolaíochta atá ar siúl ag gasúir iontacha GSBB! Ar aghaidh linn go heolaíoch le chéile.