Seachtain Eolaíochta 14ú-18ú Samhain 2022

Nov 22, 2022

Bhain gasúir na scoile fíor sult as seachtain eolaíochta a bhí ar siúl an tseachtain seo caite. Bhí siad thar a bheith gníomhach; ag obair go heolaíoch; ag ceistiú, ag breathnadóireacht, ag tuar, ag imscrúdú agus ag tástáil, ag meas agus ag tomhas, ag anailísiú chomh maith le clárú agus ag cur in iúl. Chonaiceamar gasúir na scoile ag dearadh agus ag déanamh, ag iniúchadh, ag pleanáil agus ag déanamh meastóireacht. Maith sibh go léir. Is féidir blaiseadh de na griangraif a fheiceáil thíos faoi seo agus chuile ceann sa Ghailearaíanseo.