Ní hé lá na báistí lá na bpáistí ach chuireamar tús spraíúil leis an scoilbhlian nua. Bhí sé go hálainn gach duine a fheiceáil ar ais slán sábháilte tar éis laethanta saoire an tSamhraidh. Is iad na naíonáin nua réaltaí an lae. Féach orthu agus na meangadh gáire mhóra ar a gcuid aghaidheanna ar a gcéad lá scoile. Ag súil le blian iontach leis na gasúir go léir.


















