SAM agus Mickey Whelan ar scoil

May 3, 2024

Bhí lá álainn againn inniu agus sceitimíní áthais le brath nuair a tháinig cuairteoirí speisialta isteach chun Heileo a rá. B’iad sin Mickey Whelan, iarbhainisteoir BÁC ; Terry Broughan, duine den lucht leanúna is mó atá ag BÁC agus Kevin McStay, bainisteoir reatha foireann Mhaigh Eo. Bhí áthas an domhain ar na gasúir ag éisteacht agus ag comhrá leis na haoíanna speisialta seo agus chuireadar fáilte mhór roimh Corn Sam Mhic Uidhir. GSBB agus BÁC abú!