Sábháilteacht na Samhna le Rang 5

Oct 26, 2023

Táimid thar a bheith buíoch as Pamela a tháinig ar cuairt chun na scoile inniu chun labhairt leis an dá R5 faoi shábháilteacht tine, tinte chnámha agus tinte ealaíne roimh Oíche Shamhna. Thug Pamela cur síos ar obair na ngardaí agus na seirbhísí éigeandála thart faoin ama seo, chomh maith leis na bealaí gur féidir linn fanacht sábháilte agus muid ag ceiliúradh Oíche Shamhna. Bhí neart ceisteanna curtha ag na gasúir agus táimid muiníneach go bhfuil gach eolas faighte acu faoina bealaí gur féidir linn fanacht slán an Samhain seo. Go raibh maith agat Pamela.