Rith Trastíre i nDomhnach Bat

Feb 29, 2024

Táimid thar a bheith bródúil as ár lúthchleasaithe óga a bhí ag rith trastíre i nDomhnach Bat inniu. D’éirigh go hiontach leo agus táimid thar a bheith buíoch do mhúinteoirí Niamh Ní Mhurchú agus Muirne a bhíonn i mbun traenála leo agus a bhí in éineacht leo inniu agus iad ag déanamh gaisce. Comhghairdeachas libh uilig.