Bhí Rang a 5 Clár ar ais ag taifead le TG4 inniu ar an trá sna Sceirí.
Tá na gasúir ag glacadh páirte in clár darbh ainm Cruthaím. Is míreanna gearra 5 nóiméad atá i gceist ina ndéanann daoine óga ealaín ghainimh ar an trá le Sean Corcoran, ealaíontóir gainimh gairmiúil. Is é ‘Ár nDomhan’ téama an chláir agus tá na gasúir in Rang Clár ag úsáid a gcuid samhlaíochta le teacht aníos le híomhá le chéile mar ghrúpa a thugann le fios mar a shamhlaíonn siadsan an domhan sa todhchaí.
Breathnaigh ar na griangraif den ealaín ghainimh álainn a rinneadar inniu. Táimid chomh bródúil astu.