Rang 5 agus an Bleaist Eolaíochta

Mar 7, 2024

Bhí lá den chéad scoth ag an dá Rang a 5 ag an mBleaist Eolaíochta san RDS inniu.

https://www.esbscienceblast.com/

Fuair siad ard mholadh agus moltaí áille as an dá thionscaimh eolaíochta. Bhain siad sult as alán gníomhaíochtaí eolaíochta chomh maith le dhá seó. Bhain Bobby gaisce amach ar an ardán lena tornádó agus bhí aoi an-speisialta Niamh Ní Chróinín, láithreoir Cúla4 ag taifead leo ag deireadh an lae. Réalta teilifíse atá ionaibh anois chomh maith le heolaithe óga den chéad scoth. Comhghairdeachas libh a ghasúir, táimid fíor bhródúil asaibh. Dár ndóigh táimid fíor bhuíoch freisin as bhur múinteoirí ranga Muirne agus Cathal a thacaigh libh go mór agus le chuile múinteoir a chabhraíonn libh i gcónaí.

Tús maith leath na hoibre (seanfhocal an lae)