R6 sa nGaeltacht

May 23, 2025

Bhí dhá lá thar a bheith speisialta ag an dá R6 sa nGaeltacht inné is inniu. Stopamar in Áth Luain ar an mbealach do phíosa spórt, spraoi is sneaiceanna! Bhí alán gníomhaíochtaí ar siúl níos déanaí in Wildlands in Maigh Cuilinn https://www.wildlands.ie/. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch an lá ar fad agus muid ag taisteal siar go Gaeltacht Conamara. Um thráthnóna bhí céilí, a thuilleadh craic, spórt is spraoi againn ar an Trá Mór in Indreabhán agus bhaineamar go léir sult as splasháil san uisce agus an ghrian ag dul faoi. Inniu bhíomar ar an uisce in Baysports in Áth Luain https://www.baysports.ie/. Roimh filleadh na scoile líon muid ár mboilg le Píotsa agus is ar éigean a raibh gíog le cloisteáil ar an mbus agus muid ag druidim ar gheataí na scoile, bhíomar chomh spíonta sin.

Mar fhoireann, táimid thar a bheith bródúil as ár ngasúir óga, as a gcuid sár béasaí, as an ard chaighdeán Gaeilge a labhraíodar, as an deá shampla a léirigh siad agus iad ar cuairt sa nGaeltacht, as an gcraic, as an spórt, as an spraoi, as an gcairdeas, as an gcaidreamh agus as an meas a is aire a léiríonn siad orainne agus ar a chéile. Dia do deo libh a ghasúir. Bhí an dá lá seo speisialta agus beidh deá cuimhní againn go deo ar chuile buaicphointe agus ar an méid gáire a rinneamar. GBB go deo.