R5 i gColáiste Ghlór na Mara

Apr 16, 2024

Bhí an dá R5 i láthair ag seó na hidirbhliana High School Musical i gColáiste Ghlór na Mara, i mBaile Brigín inniu. Bhí an seó ar fheabhas agus bhíomar ríméadach roinnt dár n-iardaltaí a fheiceáil ar an stáitse freisin. Comhghairdeachas libh agus go raibh maith agaibh as an gcuireadh.