R5 Clár agus TG4 27-04-23

Apr 27, 2023 | Nuacht Ginearálta, Rang a 5 Clár

Bhí ceamaraí ó TG4 gnóthach ag taifead in Rang a 5 Clár inniu ar scoil. Tá na gasúir ag glacadh páirte in clár darbh ainm Cruthaím. Is míreanna gearra 5 nóiméad atá i gceist ina ndéanann daoine óga ealaín ghainimh ar an trá le Sean Corcoran, ealaíontóir gainimh gairmiúil. Is é ‘Ár nDomhan’ téama an chláir agus tá na gasúir in Rang Clár ag úsáid a gcuid samhlaíochta le teacht aníos le híomhá le chéile mar ghrúpa a thugann le fios mar a shamhlaíonn siadsan an domhan sa todhchaí.

Bhí lá den scoth ag na gasúir ag taifead sa seomra ranga agus beidh siad ag tabhairt aghaidh ar an dtrá sna Sceirí amárach chun a thuilleadh taifead a dhéanamh sa ngaineamh. Tá muid chomh bródúil as ár gcuid páistí iontacha agus táimid ar bís leis an gclár a fheiceáil ar TG4 amach anseo.