R4 ag canadh ag an tionól 02-05-23

May 2, 2023

Bhí an dá R4 ag canadh ag an tionól dúinn ar maidin. Tá siad théis a bheith ag obair go dian le múinteoirí Muirne, Tara agus a gcuid múinteoirí ranga féin, Ciara agus Róisín chun ullmhú do chomórtas Cóir na mBunscoileanna a bhéas ar siúl san Uaimh amárach. Guíonn muid chuile rath orthu agus táimid chomh bródúil astu. Bhí siad chomh binn ag canadh amach os comhair gasúir uilig na scoile inniu. A thuilleadh eolas faoin gcomórtas anseo https://navanchoralfestival.com/