R4 ag an mBleaist Eolaíochta

Mar 5, 2026

Bhí lá den scoth ag an dá Rang a 4 ag an mBleaist Eolaíochta san RDS inniu. 

An cheist a bhí ag Rang a 4 Muireann ná: ‘Cén éifeacht atá ag seampú, feabhsaitheoir agus maothóir ar ár gcraiceann/gruaig? An bhfuil gá leo?’.

Chruthaigh na páistí suirbhé, d’fhoghlaim siad mar gheall ar an scála pH agus rinneadar taighde chun tuiscint níos fearr a fháil ar na torthaí a fuaireadar. 

Le linn an mBleaist mhínigh na páistí go han-mhaith don mholtóir an cheist a bhí acu agus na rudaí ar fad a d’fhoghlaim siad de bharr an fiosrú a rinneadar. 

Sí an cheist a bhí ag R4 Proinnsias ná ‘an mbíonn tú ag rith níos tapúla le bróga, le stocaí nó cosnochta’. Bhí craic ar dóigh ag an rang ag déanamh an rith uilig don turgnamh seo agus fuair siad freagra iontach suimiúil. 

Ar barr sin bhí seans ag na páistí siúl timpeall agus taispeántais páistí ó scoileanna eile a fheiscint agus labhairt leo fúthu. Chonaic roinnt páistí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly a bhí ina measc ag an ócáid. Bhí deis ag na páistí pictiúir a thógaint ag seastán ESB, bualadh le madra ag seastán NSPCA, blaosc toirtís a fheiscint ag seastán Zú Átha Cliath agus i bhfad i bhfad níos mó. Chonaic siad ar fad seó iontach ag deireadh an lae inar mhínigh siad an slí ina ngluaiseann aer agus na bealaí ar fad a úsáidtear é chun cabhrú linn, mar shampla eitleán a chuir ag eitilt! 

Lá thar a bheith taitneamhach – maith sibh a pháistí! Táimid chomh bródúil asaibh agus bhur gcuid fiosrúcháin agus sár oibre. Ar aghaidh linn go heolaíoch le chéile.