Seo muid ag obair agus ag baint sult as Siopa na hÉadaí don mhí seo. Tá go leor éadaí álainne ceannaithe againn agus is breá linn ag gléasadh suas. Chomh maith le sin, bhí muid ag dearadh agus ag déanamh éadaí as go leor ábhair éagsula. Bhí muid ag tógáil go leor siopaí le blocanna agus Lego cosúil le Smyths, Penneys, Centra agus JC’s.
Bhí Seachtain Eolaíochta ar fheabhas, d’fhéach muid ar na dathanna go léir ag teacht óna Skittles. D’úsáid muid na céadfaí chun ábhair éagsula a thadhall gan a bheith ag féachaint. D’úsáid muid an Makey Makey chun an pianó a sheinm le bananaí.
Táimid ag foghlaim le chéile chuile seachtain, is breá linn ag imirt na cluichí fónaice agus Matamaitice.
Don Corpoideachas, tá muid ag damhsa don mhí seo. Féach orainn ag teacht suas lenár dreas damhsa féin.
Tá muid go hiontach!!