Na sicíní ar lá 2

May 14, 2024

Bhíomar ar bís nuair a shroich muid an scoil inniu agus dhá sicín tagtha amach in Rang 2 Hannah. Níos deireannaí beireadh dhá sicín eile in Rang 2 Caoimhe. Tá na sicíní ag déanamh go maith agus ag triomú faoi láthair. Tá na gasúir chomh sceitimíneach agus pobal uile na scoile. Síp síp.

Sulár fhágamar an scoil tráthnóna bhí an triúr sicín tagtha slán in Rang Hannah.