Malartú Geansaithe Nollaig in GSBB 12-12-22

Dec 12, 2022 | Nuacht Ginearálta

Siopa nua éadaí in GSBB! 

Bhain na gasúir sult as malartú geansaithe Nollag ar scoil. Tháinig 84 geansaí Nollag isteach. Nach iontach an méid é. In áit rud nua a cheannach smaoinigh ar é a fháil ar iasacht, ar cíos nó é a cheannach ar athlámh. Táimid fíor bhuíoch as gach duine a bhí páirteach sa tionscnaimh seo.

Nollag shona daoibhse uilig.