D’éirigh go hiontach lenár malartú geansaithe agus bréagáin na Nollag a bhuíochas do Niamh Ní Ghrifín agus an choiste ghlas. Bhain na gasúir fíor thaitneamh as bronntanais nua a fháil.
Tá an malartú bréagáin críochnaithe anois agus gabhaimid buíochas ó chroí le gach duine a ghlac páirt. Táimid fós ag glacadh le geansaithe Nollag agus beidh seans ag gasúir geansaí a mhalartú ar cheann nua maidin Aoine leis an múinteoir Emma.
Mar is iondúil táimid buíoch as bhur bhflaithiúlacht. Tá go leor míreanna sábháilte ó na líonta talún, rud a thacaíonn lenár ngealltanas Green Schools maidir le hinbhuanaitheacht. Le chéile táimid thar éis an tséasúr seo a dhéanamh níos gile, níos glaise agus tá muid líonta anois le spraoi na Nollag.
