Malartú Feistis na Samhna

Oct 10, 2024

Bhí siopa malartaithe na scoile oscailte inniu agus na gasúir ag fáil feistis nua na Samhna. Thug na gasúir isteach a gcuid seanfheisteas féin agus fuaireadar ceann nua inniu. Táimid buíoch don Choiste Ghlas a d’eagraigh an malartú seo agus do bhaill Chairde na Scoile a chabhraigh go mór inniu – idir tacaíocht a thabhairt do na gasúir agus na griangraif áille seo a thógáil. Nár laga Dia sibh go léir.