Malartú Feisteas Oíche Shamhna ar scoil

Oct 17, 2022

Bhain na gasúir sult as malartú feisteas oíche Shamhna ar scoil inniu. Nach iontach an méid bréag-fheisteas a tugadh isteach. Siopa nua éadaí in GSBB inniu ar scoil! Táimid fíor bhuíoch as na múinteoirí a d’eagraigh an tionscnaimh seo, múinteoir Niamh Ní Ghrifín ach go háirithe agus do na gasúir go léir a bhí páirteach leis.