Laethanta Spioraid Scoile

Jun 25, 2024

Bhíomar ag ceiliúradh laethanta spioraid scoile le dhá lá anuas in GBB; inné agus inniu. Bhain gasúir na scoile sult as gníomhaíochtaí ar nós Ceol, Beebots, Lego, Léitheoireacht beirte, Ealaín le cailc, Íoga, Drámaíocht, Eolaíocht, Aireachas, Izak 9, CS First agus Chrome Music Lab ar na Chromeleabhair. Táimid buíoch don mhúinteoir Muirne a d’eagraigh amchlár don dá lá agus do na múinteoirí go léir a thug faoi na gníomhaíochtaí go fuinneamhúil leis na gasúir. GBB go deo.