Táimid ag glacadh páirt in gníomhaíochtaí éagsúla inniu agus amárach agus muid ag ceiliúradh spioraid iontach na scoile. Inniu bhí ióga, beebots, lego, léitheoireacht beirte, ealaín chomhoibríoch, ceol, drámaíocht, eolaíocht, cumadh amhráin, aireachas, códú, Izak 9s, Chrome Music Lab agus filíocht ar siúl. Beidh muid ag leanacht le gníomhaíochtaí den cineál céanna amárach.
Nach bhfuil muid iontach ag maisiú clós na scoile? Is breá linn ár scoil agus na gníomhaíochtaí go léir a dhéanann muid. Táimid buíoch as na múinteoirí go léir as ucht na rudaí deasa seo uilig a dhéanamh linn agus buíochas don mhúinteoir Muirne as an dá lá seo a eagrú. Ní neart go cur le chéile.
